Dervla Farrell

Dervla Farrell

Bhain Dervla Farrell céim amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 2012 le BA san Eolaíochta ag saindíriú ar Néareolaíocht. Mar chuid dá céim, rinne sí tionscadal taighde faoi stiúir an Ollaimh Arun Bodke. Le linn an ama seo, fuair sí taithí in Íomháú Athshondais Mhaighnéadaigh (MRI) agus in anailís MRI feidhmitheach mar aon le hearcú rannpháirtithe agus tástáil iompraíochta. Ina post reatha mar chúntóir taighde ar an tionscadal NeuroSKILL is é a príomhfhócas ná tionscadal taighde MRI a chomhordú, tionscadal a fhéachann ar an tionchar a bhíonn ag aosú ar an inchinn le fócas ar leith ar an gcuimhne.