Dr Christian Kerskens

An Dr Christian Kerskens

Bhronn an Institiúid um Fhisic Núicléach, Ollscoil Cologne, Máistreacht sa bhFisic ar Christian Kerskens i 1993. I 1997, bhain sé amach Dochtúireacht (arís ó Ollscoil Cologne) as a shárthráchtas dar teideal ‘Development of theoretical and experimental methods of measuring brain perfusion using NMR', Institiúid Max-Planck do Thaighde Néarógach, Cologne (An Roinn um Thaighde Néareolaíochta, An tOllamh. Hossmann). Ina dhiaidh sin chaith sé blianta ag baint taithí amach ina Fhisiceoir-MR san Eoraip sular chuaigh sé i mbun oibre leis an Institiúid Néareolaíochta i TCD mar fhisiceoir ceannródaíoch in 2005. I measc a chuid taighde faoi láthair tá imscrúdú ar shásra codarsnachta NMR gníomhachtúcháin feidhmiúla na hinchinne agus ar an mbunchúpláil néarashoithíoch, ar shásraí codarsnachta idirleata san NMR, múnlú an sreafa agus an idirleata i gcórais bitheolaíochta agus i dtorann fiseolaíoch. Díríonn a chuid oibre reatha freisin ar ghníomhachtú ceall a bhraith le NMR agus modhanna NMR a fhorbairt ar mhaithe le feabhsúcháin modheolaíochta agus ina úsáid chun eolas luachmhar a chur ar fáil i ndiagnóisiú leighis agus i néareolaíocht cognaíoch.